Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 52
- XML “Deilín na mBacach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mo chuid costais reaithte annsin agus b'éigean dam toiseacht ar an obair seo. B'fhéidir go bhfaca sibhse í ag dul thart annseo am éiginteacht - cailín beag íseal, árd sgailleaganta, fad leicneach mío-ghruiseach, droch-ghruiseach, teaslach [?] ar a súile.
Béim leat-taoibh ar a ladhra, milleadh bróige ar a gurán deiridh, í lom luth ina reathaigh mhaith agus fad scaileogach tobaca aicí.
Ó, is iomdha cineal bacach a bíos ann, ach chán daobhtha sin mise. Bí mangairí ann bí stangairí ann. Bhí sógairí ann, bí rógairí ann, bí brógairí ann, ceathramacha earraigh agus ligint amach lúghnasa, bí cailleachaí tinn le seimrigh ann.
Is iomdha mála a' sgairtigh orm-sa de bhrí ná'r léar daoibhse iad. Mála an tighe, mála na hiosgaide, mála na hasgaille, penny come quick 'sa crúiscín.
Slán agus beannacht ag muintir an tighe seo, tá mise ag imtheacht. Ó Aodh Ó Dubhthaigh as an Bhealtaine a fuaras an deilín seo. Chualaidh seisean é ag a mhathair. Tá an bheirt ar shluagh na marbh.- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall