Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 37

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 37

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 37
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    láidre ná an dara ceann acht rinn pádraic an cleas ceadna leis an triomhadh ceann fosta agus ar seisean "Ní dheánfaidh sin maith acht oiread".
    Thoisigh an gabh annsin agus rinn crudh maith láidir an ceathramhadh huair agus nuair a bheir Pádraic air i na dhá láimh, d'amharc sé air tamall agus dubhairt go ndeanfadh an ceann sin cúis. D'iarr sé annsin ar an ghabha ceithre chrudh mar sin a dheánamh. Rinn an gabha na cruidhteacha agus thiomáin ar an bheathadhach iad.
    Nuair a bhí an gabha réidh chuir Pádraic ceist air caidé luach a shaothair. "Leath-choróin" arsa'n gabha. Chuir Pádraic a lámh i na phóca agus shín chuige bonn leath-choróine. Bheir an gabha ar an bhonn, d'amharc air, bhain cupla casadh as le na mhéara agus rinn dhá chuid de. Chaith sé an dha giota ar an urlár annsin agus dubhairt "Ní dheanfaidh sí sin maith".
    Chuir Pádraic a lámh i na phóca an dara huair agus shín bonn eile leath-coróine chuige. Bheir an gabha air, d'amharc air tamall, bhain cupla casadh as le na mhéara agus rinn dhá chuid de'n bhonn mar rinn se roimhe. Chaith se na giotaí ar an urlár agus dubhairt " Cha dean sin gnoithe". Thog Pádraic an tríomhadh bonn dó agus rinn an gabha an cleas ceadna leis. Nuair a thug Pádraic an ceathramhadh bonn dó, chuir sé an leath-choróin ar a bhois
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eoghan Mac Giolla Easboic
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann