Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 35
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)naoí bhfiacla i na cheann, agus chuir go cnapan a ghlúine i dtalamh é. Bhí an cómhrach 'na shuidhe annsin, agus chá raibh fhios sin adhbhar a réidhteach. Fágadh le claidheamh agus le cruaidh cnámh é Chá raibh ag cuid fiana Dhúin-na-nGall acht na cnámha ag cosnadh buillídh na gclaimhtheach.
Smaointigh Goll ar a sgin. Tharraing sé an sgian. Mharbhuigh sé naoí bhfeara, naoí bhficead, agus naoí déag. Bhí dearbhrathair aige i raibh Conan air agus cá'r bhfiú a dhath eisean a'troid. Chá'n fhuair sé aon bhuille ariamh ar tí a bhuaileadh nach mbuailfeadh sé agus chá'n fhuair se aon fhocal ariamh ar bhfiú freagradh nach bhfreagrochadh D'éirigh sé na sheasamh agus dubhairt-"dá mbíonn mar thú a Ghoill, ní fhágfainn ceann ar cholainn ó seo go bruach na Bóinne buidhe".
D'irigh fear dé'n mhuintear thuas 'na sheasamh. Luighim faoí m'arm, faoí, m'éideadh, faoí mó chlaidhamh cathach cruaidh, acht go bé a'géilstean duit a Ghoill bhainfinn an ceann duit a Chonáin. D'éirigh Goll mór 'na sheasamh. " Aigne agus máighne bíodh siad uilig ar aon taoibh beir slán le do cheann a Chonáin go dtéidh tú go Cruachán."- Faisnéiseoir
- Áine Ní Fhuaruisge
- Inscne
- Baineann