Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 31

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 31

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 31
  3. XML “Colm Cille agus an Fear Déirce”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Colmcille uair amháin 'na chomhnuidhe i gCill Mhic Néidhneán agus bhí cailín aimsire ar fastodh aige. Tháinic lá te agus chuaidh Colmcille amach a chur uisge ar a chuid bláth agus d'fág sé an cailín ag deanamh tuirtín aráin mhin-choirce. Thainic fear bocht go dtí an doras agus d'iarr sé déirc ar an cailín. Dubhairt sise nach dtiocfadh léi déirc ar bith a thabhairt dó de thairbhe an mhaighistreara. D'iarr sé cnág dein taosc uirthí agus thug sí sin dó. Chuaidh sé suas go dtí an teinidh agus chaith sé an taosc isteach i lár na teineadh. D'eirigh geamhar glas ar an teinidh.
    Tamall 'na dhiaidh sin thainic Colmcille isteach agus chuir ceist ar an chailín aimsire an raibh duine ar bith istigh ó d'fág sé an teach. Dubhairt sise go raibh fear bocht istigh agus gur íarr sé déirc uirthí. Dubhairt sise nach raibh órdú aicí déirc ar bith a thabhairt uaithe, de thairbhe an mhaighisteara, agus gur íarr sé cnág de'n taosc uirthí agus go dtug sise sin dó. gur imthigh sé suas go dtí an dteinidh agus gur chaith sé isteach i lár na teineadh é agus go dtainic geamhar glas ar an teinidh.
    "An bhfuil sé i bhfad ar shiubhal" arsa Colmcille annsin.
    "Níl" a dubhairt sise.
    Lean sé é annsin agus fuair greim air. Thiompuigh an fear bocht thart agus ar seisean
    "Nach dtug me do sáith duit".
    "Thug" arsa Colmcille acht cá dtug tú croidhe damh le na chaitheamh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Fuaruisge
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraic Mac Fhionnlaoich
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall