Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 16
- XML “Brían Ó Feosaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chomhlaí na mullach. Anois ar seisean tá fhios agat caidé an rud "War out".
Chuaidh Brían un Lagáin agus rinn fastadh. Ní raibh teach maith bidh aige. Lá amháin bhí sé ag tabhairt a gcuid do na muca agus smaoinidh sé ar chleas. Chuir sé biorán mór isteach i gcluais ceann de na muca. Thoisigh sí a'léimtigh suas ar an bhalla agus gha tochailt fhéin. Nuair chonnaic Brian seo d'innis se dó'n mhaighistir go raibh ceann de na muca ar mire. Chuaidh an maighistir a dh'amharc uirthí agus nuair a chonnaic sé an bhail a bhí uirthí d'iarr sé ar Bhrian í a mharbadh agus a cur i bpoll.
Mairbhfidh mé í acht ní chuirfidh mé i bpoll í ar seisean. "Íosaidh mé féin uilig í" arsa Brian "agus ma theidhim ar mire féin is cuma liom agus is cuma leat sa ach oiread creidim" Mharbhuigh sé an mhuc agus d'iosfadh sé giota dí gach lá. Ní raibh sí a'deanamh a dhath air agus bhí Brian ag eirighe breagh reamhar. Nuair a bhí sé tuairim ar mhí dá híthe chonnaic na seirbhisí eile nach raibh an mhuc a'deanamh a dhath air agus thoisigh siad féin dá hithe. Nuair a chonnaic Brian go raibh an mhuintear eile ag cudeadh leis an mhuc a ithe ní raibh sé sásta. Thoisigh sé a'leigint air go raibh sé ag dul as a chéill. Thoisigh sé ag éirighe in áirde ar na ballai(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Chuireain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pilip Ó Cuireáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45