Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 158
- XML “Tuilteacha”
- XML “Cogadh na Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuidigh sé leis na daoine i n-éadan na dtighearnaí talaimh. Is é an Mairtíneach a bhí 'na cheann-urraidh ar na péas. D'éirigh leis an sagart fághail saor.
- Cogadh na TalmhanNuair a bhí cogadh na talmhan ar siubhal idir Tighearnaí agus tionantaí ní rabh muinntir Chloich Cheann Fhaolaidh, ar deireadh ins an troid, agus dálta mar rinneadh le go leór eile ar fud na tíre cuireadh amach as a seilbh furmhór na ndaoine ins an pharóiste seo, ins an bhlliadhain 1889 agus caitheadh ar thaoibh an bhealaigh mhóir iad, gan sgáth, gan dídean ach an spéir ghorm o's a gceann. Chosain móran aca a dtigthe agus a dteaglaig, go calma ach b'éigin díobhtha géilleadh ins an deireadh. I gcorr áit dhainghnigh fir chródha, chalma na tigthe agus throid siad go dian dícheallach i n-aghaidh lucht an airm, agus is beag aca nár chaith tamall i bpríosún de thairbhe.
Leag an námhaidh móran de na tighthe sa chruth nach dtiochfadh cómhnuidhe a dhéanamh ionnta, acht nuair a rinneadh socrughadh tógadh toigthe úra i n-ionad na sean bhallóg.
Fhad is bhí na tionantaidhe amuigh as a gcuid tigthe(leanann ar an chéad leathanach eile)