Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 109
  3. XML “Urnaí eile”
  4. XML “Urnaí a Deirtear ag Coigilt na Tineadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Urnaighe a deirtear ag coigilt na teineadh
    Coiglim an teinidh seo mar choiglim crann
    Naomh Pádraic (mar deantar N. Pádraic)
    Bríghid ag a bun agus Máire ag a bárr
    An dá easbal déag atá i bflaitheas na naomh
    Fágam-sa cúram an tighe seo agus a bhfuil ann go la.
    leagan Eile
    Coiglim-sa an teine seo mar choigleas cách,
    Brighid fá na bun agus Máire fá na bárr.
    Na naoi n aingle ar fhichid atá i gcathair na ngrás
    Go raibh fá'n tigh seo a's na daoine go lá.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.