School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 131
- XML “Iníonacha Rí an Domhain Thiar agus Mic Rí an Domhain Thoir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)de'n airgead. Lean sé daobhtha go dtainic siad go dtí loch. Bhí dhá bhád déag ag an chéidh agus bhí buachaill óg in gach bád acu. Chuaidh bean de na cailíní isteach in gach bád agus chuaidh an fear bocht isteacht sa bhád leis an bhean a b'óige. Bhí an clóca ar an fhear i rith an ama agus ní fhacaidh duine ar bith é.
Nuair a shroich siad an taobh eile de'n loch bhí dhá chapall déag ag feitheamh leo annsin. Chuaidh cailín agus buachaill ar dhruim gach capaill. Chuaidh an fear bocht ar chúl na mná óige. Nuair a shroich siad ceann cúrsa chuaidh siad isteach i gcaisleán dheas. Ar ghabhail isteach dóibh bhí tábla mór bídh agus dighe leagtha rompa. Shuidh an t-iomlán thart agus d'ith siad agus d'ól siad a sáith. Annsin réidhtigh siad an teach fá choinne dreas damhsa a bheith acu. Thoisigh an samhsa agus mhair siad ag damhsa gur ghlan an lá agus go rabh na bróga agus an t-éadach uilig caite acu. Idir an dá am ghoid an fear óg cupa óir a rabh an bhean a b'óige ag ól as.
Nuair a thainic breacadh an lae agus nuair a bhí siad tuirseach ag damhsa thug siad a n-aghaidh ar an bhaile. Chuaidh siad ar shruim na gcapall agus bhog leo go dtí bruach na locha. Bhí na bádaí ar ancoire annsin. Chuaidh cailín agus buachaill isteach in gach bád agus(continues on next page)- Informant
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 90
- Address
- Loch na nDeorán, Co. Dhún na nGall