Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 81

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 81

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 81
  3. XML “Mac Rí na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mur mbeirt."
    An dara hoidhche thug sí cíor do agus d'iarr sí air an chíor sin a bheith aige fá na coinne ar maidín. Goid sí an cíor arais mar rinn sí leis an t-siosúr an oidhche roimh-re agus d'imthigh sí chuig an fhathach.
    "Ná nár chuir tú un báis é?" ars' an fhathach
    "Níor chuir", ar' sise, "óganach atá ann. An siosúr a thug mé duit-se aréir bhí sé aige fá mo choinne ar maidín indiu", agus annsin shín sí an chíor chuig an fhathach.
    "Bhal", ar' seisean, "rachaidh a cheann ar spéice amarach ar scor a' bith".
    Tháinic an fear beag ribeach ruadh agus thug sé leis an chíor ó'n fhathach agus nuair a tháinic an cailín chuig mac rí na hÉireann ag tórraidheacht na círe tugadh an chíor dithe mar tugadh an siosúr.
    An tríomhadh h-oidhche tháinic sí isteach agus thug sí póg do mac an ríogh agus dubhairt sí go gcaithfeadh sé an chlaigeann dheireannach a phógfadh sise an oidhche sin a bheith aige ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0505: Dead Man as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Crosain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Proinnsias Mac Grianna
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall