Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 80

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 80

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 80
  3. XML “Mac Rí na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus thug sí siosúr do mhac an ríogh agus d'iarr sí air an siosúr a bheith aige fá na coinne ar maidín, ná mar mbéadh go rachadh a cheann ar spéice.
    Nuair a thuit an péire 'n-a gcodladh an oidhche sin chuaidh sí suas 'un t-seomra chuca agus thug sí leithe an siosúr.
    Thug sí do fhathach na gcúig gceann é agus d'innis sí an scéal do. Rinn sé gáire mór agus dubhairt sé leithe go rachadh a cheann ar spéice ar maidín lá-thar-na-mharach, agus chuir sé an siosúr isteach na bpóca.
    Níor luaithe a rinn sí seo ná bhí an fear beag ribeach ruadh anns na sála aici le n-a chathaoir draoidheachta agus an cloca dorcha. Thug sé leis an siosúr i ghan fhois de'n fhathach agus chuir sé faoi n-a chlaigeann fhéin é.
    Tháinic an cailín isteach ar maidín mar bhéadh leomhan craosach ann ar lorg an t-siosúir. D'iarr sí an siosúr i mbomaite ná go rachadh a cheann ar spéice. Ní raibh an siosúr le fághail ag mac an ríogh agus tháinic craitheann eagla air.
    "Fán bomaite", ars' an fear beag ribeach ruadh, "nach sin é", ar' seisean, tá mé marbh agaibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0505: Dead Man as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Crosain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Proinnsias Mac Grianna
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall