Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh seo ar aghaidh goraibh siad ceithre bliadna déag de aois. Chualaidh an fear uasal fá dtaoibh de agus chuir sé fearg mhór air. Chuaidh sé go dtí an garrandóir agus dubhairt sé leis go gcaithfeadh sé an áit a fhágail, sin ná an gasúr a chur ar siubhal. Dubhairt an garrandóir leis go raibh an gasúr lán óg le h-imtheacht ar a connlán fhéin.
D’iarr an duine uasal annsin air a intinn a dheanamh suas agus scéala a tabhairt do-san lá-thar-na-bharach ciaca de’n dá rogha a ghlacadh sé.
Nuair a chuaidh an garrandóir ‘n-a bhaile an oidhche sin bhí an gasút agus a mháthair ‘n-a suidhe ag an teinidh agus dubhairt sé leobhtha go dtug an duine uasal órdughadh daobhtha an áit a fhágail. Chuir an bhean ceist air caidé bhí cearr agus d’innis sé sin dithe.
“Bhal, ní chorrochaidh sibh i mhaithe liom-sa”, ars’an gasúr. “Tá mise már go leor anois agus sibhteochaidh mé damh fhéin”.
D’éirigh an gasúr le bodhránacht an lae ar maidín lá-thar-na-bharach agus rinn sé réidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall