Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)48. An rud a bíos annamh bíonn sé iongantach.
49. Amach as amharc, amach as cuimhne.
50. An buille nach mbualtar ní bhíonn cuimhne air.
51. An t-é nach gcuireann san Earrach ní bhaineann sé san Fhoghmhar.
52. Amharc sul a léimidh tú.
53. An t-é a bhfuil uisce agus móin aige,
Tá'n saoghal 'n-a shuidhe ar a thóin aige.
54. An t-eán is luaithe fághann sé an chéad chuilteóg.
55. Ag maoidheamh bó ar an bhuachaill.
56. Ar an ceairamhadh? bliadhain déag,
béidh luing ag snamh ar muir.
Ar an cúigheadh bliadhain déag
béidh na príosúin lán de dhaoinibh gan choir.
Ar an séiseadh bliadhain déag
béidh Éire dearg le fuil.
Agus ar an seachtmhadh bliadhain déag
Mo léan! Cá deachaidh na fir.
57. 'Acha'n dhuine le n-a dhuine fhéin.
57a. An t-é atá 'n-a comhnaidhe i dtoighthibh gloine
na caitheadh sé cloch
58. Ar scáth a chéile a mhaireas na daoiní.(leanann ar an chéad leathanach eile)