Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)568. Tarann [maineadh]? agus uair ar an bhárra.
569. Tig acha’n rud le n-a iomrádh ach an madadh ruadh agus an marbhanach.
570. Tá sé go righín le gad mara.
571. Tuar mí-adhamhail, bean ruadh ar maidín.
572. Tá a ghlaim níos measa ná a ghreim.
573. Thuit an tóin as an spéir.
574. Tá sé cosamhail le n-a athair, cois, bois.
575. Tá sé comh claoidhe le scadán sceithte.
576. Triúr sagart nach bhfuil sanntach,
Triúr Franncach nach bhfuil buidhe,
Triúr gréasaidhe nach bhfuil bréagach
Trí nídh nach bhfaghann tú ‘choidhche
577. Toiseach ceatha ceo, deireadh catha gleo.
578. Tá a chnaipe deanta
579. Treabhuigh an t-iomaire atá romhat.
580. Tig an tuar fán tarngaireacht.
581. Tá sé ar an asail.
582. Tá séala a chodach air
583. Tá teangaidh aici a bhainfeadh an croiceann de dhearnaidh
584. Tá rud éighinteacht faoi’n eiteóig aige.(leanann ar an chéad leathanach eile)Tá leagan nua den tras-scríbhinn seo ag fanacht le ceadú.