Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)539. Sileann sí gur ar a tóin atá an grian ag soillsiughadh.
540. ‘Sé locht a laighead.
541. Sean scéal agus meirg air.
542. Sciordann éan as gach ealt.
543. Scuab úr scuabann sí glan.
544. Slán samhail i gcloich.
545. Sháruigh ar an laoiseach ariamh muir agus tráigh a fhreasdal.
546. Sláinte an bhradáin chugat, croidhe follain agus gob fluich.
547. Scilling ann do phóca an cara is fearr.
548. Scalann an t-uisce fuar, an fallsóir.
549. Seachnuigheann súil nídh nach bhfeiceann.
550. ‘Sé a leanbh fhéin a bháistigheas an sagart ar tús.
551. Sin fód an bháis.
552. Spárail an t-slat agus mill an leanbh.
553. Seachainn teanga liom, leat.
554. ‘Sé scaradh an anma leis an cholainn aige é.
555. Seachainn an ceann agus buail an muinéal.
556. ‘Sé an ceann eile de fhéin é(leanann ar an chéad leathanach eile)