Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)445. Na cuir do mhéar faoi n-a fiacail.
446. Ní dhearn sé a’n pholl nar chur mise tairgne ann.
447. Ní chreidfear an fhírinne ó dhuine bhréagach
448. Ní bhionn cuimhne ar an arán a ithtear.
449. Ní fhanann muir le fear scéil (le fear sotail).
450. Níor dhruid Dia doras ariamh nár fhoscail Sé ceann eile.
451. Nuair a thig an chaill ní thig an fhaill.
452. Nuair a fuair sé an fhaill rinn sé an chaill.
453. Ná bain de gheis agus ní bhainfidh geas duit.
454. Ní’l fear náireach éadalach.
455. Ní ar mo chrann a tháinic.
456. Ní’l na coimhthighigh ion-taobhtha i ngeibheann.
457. Ná chur an buachaill i n-áit an mháighisteara.
458. Ná bain de dhath nach mbaineann duit.
459. Ní’l sa t-saoghal ach gaoth a’s toit caith do píopa a’s bí do thost.
460. Ná deán leithcheal i choidhche ar shean-dhuine ná ar ghasúr fir.
461. Ná mol agus ná cáin thú fhéin.
462. Ná creid lucht pisreóg.(leanann ar an chéad leathanach eile)