Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 201
- XML “Beirt Iníonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sé leithe, dá gcongbhócadh an bhróg a lán uisce go bpósadh an bhaintreachach. Chuaidh an cailín amach go dtí srúthan uisce, líon sí an poll a a bhí ar an bhróig le clabar agus chongbhuigh an bhróg a lán uisce. Tháinic sí isteach chuig a hathair, agus an bhróg lán uisce leithe. Bhí fhios ag an ghréasaidhe annsin go raibh a inghean iongantach críonna agus céillidhe, agus i gcionn tamaill pósadh an gréasaidhe agus an bhaintreabhach.
Ní raibh siad i bhfad pósta go dearn an bhaintreabhach dearmad don ghealltanas a thug sí do Mháire. Bheirfeadh sí aran geal do a inghean fhéin agus aran buidhe do Mháire.
Tháinic an geimreadh, agus má thainic fhéin ba fhuar doinneanta an geimhreadh é. Chuir an leas - mháthair culaidh paipéir ar Mháire agus d'iarr sí uirri a ghabhail amach a cruinniughadh sméar dubh.
Siubhail sí leithe go dtáinic sí go dtí teach beag istigh i lár na coilleadh. Nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall