Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 200

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 200
  3. XML “Beirt Iníonach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Beirt Ingheanach.
    Bhí fear ann fad ó shoin agus sé an obair a bhí aige dhá deanamh ag gréasaidheachta. Bhí sé pósta agus ní raibh aige ach inghean amháin. Nuair a bhí an cailín dhá bhliadhain déag de aois fuair a máthair bás. Máire a bhí mar ainm ar an chailín.
    Lá amháin chuir an gréasaidhe Máire 'na bhaile móir le teachtaireacht agus ag teacht arais dithe casadh baintreabhach uirthi a bhí 'na chomhnaidhe sa chomharsanacht agus bhí inghean ag an bheantreabhaigh seo fosta.
    D'iarr an bhaintreabhach ar Mháire a rá le na h-athair gur cheart do ise phósadh "agus" ar sise, "má phósann sé mé, bheirfidh mé arán geal agus cácaí milse duitse gach lá agus arán buidhe do mo inghean fhéin.
    Chuaidh Máire ‘n-a bhaile agus d’innis sí do n-a h-athair an comhrádh a bhí eadar í fhéin agus an bhaintreabhach. Thug a h-athair bróg duite agus poll uirri.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Anagaire, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Róise Ní Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    62
    Seoladh
    Anagaire, Co. Dhún na nGall