Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 187

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 187

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 187
  3. XML “An Gadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seisean, "muna leigidh tú amach mé bheirfidh mé liom an siopa go dtí an ceann eile de'n bhaile".
    Leig an siopadóir, ná an búisteóir amach e, agus d'imthigh sé leis go teach a mháighisteara. Nuair a shroich sé an teach d'amharc sé isteach fríd an fhuinneoig agus chonnaic sé an fear agus an bhean 'n-a suidhe ag an tábla ag cunntas an airgid a chuidigh sé fhéin a ghoid.
    Sheasuigh Billí amach giota ó'n fuinneóig. Bhí croiceann an bó timcheall ar rith an ama agus an dá adhairc ar mhullach a chinn, agus leig sé buithre as. D'amharc an bhean amach fríd an fhuinneóig agus chonnaic sí toirt mór amuigh ar an t-sráid agus dubhairt sí go raibh an diabhal amuigh.
    D'imthigh siad sna featha fasaigh amach ar an doras druidte agus siud Billí ar a shean rása 'n-a ndiaidh. Lean sé giota mór fada iad agus sa deireadh bhí sé tursach agus phill sé. Chuaidh sé isteach 'un toighe, thug leis na málaí agus lion le h-airgead iad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0130: The Animals in Night Quarters
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraic Mac Páidín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Prionnsias Mac Páidín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall