School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 187
- XML “An Gadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)seisean, "muna leigidh tú amach mé bheirfidh mé liom an siopa go dtí an ceann eile de'n bhaile".
Leig an siopadóir, ná an búisteóir amach e, agus d'imthigh sé leis go teach a mháighisteara. Nuair a shroich sé an teach d'amharc sé isteach fríd an fhuinneoig agus chonnaic sé an fear agus an bhean 'n-a suidhe ag an tábla ag cunntas an airgid a chuidigh sé fhéin a ghoid.
Sheasuigh Billí amach giota ó'n fuinneóig. Bhí croiceann an bó timcheall ar rith an ama agus an dá adhairc ar mhullach a chinn, agus leig sé buithre as. D'amharc an bhean amach fríd an fhuinneóig agus chonnaic sí toirt mór amuigh ar an t-sráid agus dubhairt sí go raibh an diabhal amuigh.
D'imthigh siad sna featha fasaigh amach ar an doras druidte agus siud Billí ar a shean rása 'n-a ndiaidh. Lean sé giota mór fada iad agus sa deireadh bhí sé tursach agus phill sé. Chuaidh sé isteach 'un toighe, thug leis na málaí agus lion le h-airgead iad.(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Páidín
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Prionnsias Mac Páidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal