Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)corp an fhir. Cuireadh ceist air cá h-áit ar b’fhearr leis an fheoil a gearradh de agus dubhairt sé gur de n-a bhrollach. Bhí na doctúirí annsin agus a gcuid lansaí aca agus iad réidh leis an fheoil a ghearradh dá réir an dlíghe.
D’éirigh an cailín óg agus í gleásta i gculaidh tiomanaidhe, tháinic ‘un tosaigh agus dubhairt sí go raibh cupla focal le rádh aici-se, dá bhfuigheadh sí cead ó’n bhreitheamh; rud a fuair.
D’fhiafruigh a dheanamh agus dubhairt siad go raibh siad ag gabhail a ghearradh ceithre phunnta feola ó bhrollach an fhir óig seo.
“Gearraigidh cinnte”, ar’ sise, “ach nuair a bhéas sibh ag gearradh na feola ná doirtigidh oiread agus deor amháin fhola ná má dhoirteann béidh mise ag cainnt libh”.
“Ní féidir linn sin a dheanamh”, arsa na doctúirí.
Fágadh an cás sin i leath-taoibh agus scairteadh ar an dara cás agus i gcionn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Pháidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall