Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 42
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)pléisiúr aisti, thug rí Ghréag an cuíreadh céadna do’n ríoghacht go léir, naoi n-oidhche agus naoi lá eile.
Chait Donn Ó Dubhthaigh méid áirighte d’aimsir i gcúirt an ríogh go dtí aon lá amháin. Smaoi’tigh sé go rachadh sé síos fá’n tráigh go bhfeicfeadh sé na trí soithigh bhí aige ó na trí fathaigh. Chuaidh sé síos agus a bhean leis.
Goidé bhí acht dearthar (=dearbhrathair) ag na trí fathaigh seo ins an domhan thoir, ar b’ainm dó an Crochaire Tárnocht. Ní thainic aon fhear ar an domhan ba mhó draoidheachta na é, agus bhí fionnadh fada air ó bhonn go bathais ar nós beithidhigh. Thainic sé isteach ar an fhairge lé preabadh na súl, agus bheir sé greim ar inghín ríogh Gréag, agus leis í ina domhan thoir.
Nuair a chonnaic Donn Ó Dubhthaigh go rabh a bhean ar siubhal leis an Chrochaire Thárnocht ina doman thoir cuaidh sé abhaile annseir rígh Gréag agus dubhairt nach gcodlóchad sé dhá oidhche i n-aon teach is nach n-íosadh sé dhá ghréim de aon bhaidh go gcuirfeadh sé an Crochaire Tárnocht ‘un báis, sin nó go bhfágfaidhe é fhéin leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Ó Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó hUiginn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall