Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 3
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (1) Ruith mé agus fuair mé e. Stuidht mé agus d’iarr mé. Dá btfágtainn é ctaithtfinn btuam e agus nuair nact bhfuair mé é bhí sé liom.
Freagra. Dealg.
(2) Goidé is doimhne na an fhairge mhór.
Freagra. Méarachán Táilliura.
(3) Ga tuí (cad chuige) go nitheann caoirigh bána níos mó na caoirigh dubha.
Freagra. Mar tá fiche caoirigh bána ann fá’n chaora amháin dhuba.
(4) Ga tuí go gcaitheann fuinteair bairead bán.
Freagra. [Ólun]? a chinn a chúmhdach.
(5) Goidhe an ní is tuighe ná an féar ag’ fás.
Freagra. Driúcht ar an fhéar.
(6) Ceathramhadh cúigad coithmháin (?) gabhail shiar go Dún na nGall. Níl súil ná béal na theanghaidh orthú ach ia uilig a’ chainnt.
Freagra. Tonnaí Fairghe.
(7) Chuaidh mé suas an lane beag chumang agus casadh orm tarbh dubh. Chuaidh seisean I bfasta agus chuaidh mise á cicáil dá bfeicteá a’ cuideaceachta bhí againn fáil réithite.
Freagra. Dreasag.
(8) Gearran iarainn a’ gabhail anonn ar ribeag olna.
Freagra. Iarann Simídála.- Bailitheoir
- Seán O Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall