Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 29
- XML “An Bhean Amaideach”
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’iarr sé orm innse duit-se ma bhí eadach ar bith agat e a thabhairt do agus ma bhí airgead ar bith lé spáireal agat e a tabhairt do fosta.
Thug sí an t-ualach dó agus an méid airgead a bí aici do. Thainic an beirt aca na baile annsin agus chaith siad saoghail sona sásta na dhiaidh sin. - An Crochaire Tárnocht
Bhí sin ann, agus is fada ó bhí. Dá mbéinn-sé ann an uair sin ní bhéinn ann anois, nó dá mbéinn fhéin, ba chríon liath an sgéalaidhe mé.
Bhéadh sgéal úr agam nó seansgéal; chumfainn fhéin ceann sul a mbéinn gac aon cheann.
Bhí rí cúigidh i n-Eirinn, ar bh’ainm do Gruagach an Ghaiste. Cibé ar bith ríoghamhlacht a bhí aige bí gaiste éanacha aige, is ghabhadh sé lonndubh an uile mhaidin.
Bhí triúr mac aige, is chuireadh sé amach iad fá choinne an éin do réir a n-aois : Fear ba sine indiú, an dara fear an dara la, agus an fear og an tríomhadh lá. Cé h-ainm a bhí ar an fhear óg acht Donn Ó Dubhthaigh aon mhaidin amháin fá choinne an éin, agus nuair a bheir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Ó Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó hUiginn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall