School: An Mhín Mhór (roll number 16342)
- Location:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Ó Breisléain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhín Mhór
- XML Page 42
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)pléisiúr aisti, thug rí Ghréag an cuíreadh céadna do’n ríoghacht go léir, naoi n-oidhche agus naoi lá eile.
Chait Donn Ó Dubhthaigh méid áirighte d’aimsir i gcúirt an ríogh go dtí aon lá amháin. Smaoi’tigh sé go rachadh sé síos fá’n tráigh go bhfeicfeadh sé na trí soithigh bhí aige ó na trí fathaigh. Chuaidh sé síos agus a bhean leis.
Goidé bhí acht dearthar (=dearbhrathair) ag na trí fathaigh seo ins an domhan thoir, ar b’ainm dó an Crochaire Tárnocht. Ní thainic aon fhear ar an domhan ba mhó draoidheachta na é, agus bhí fionnadh fada air ó bhonn go bathais ar nós beithidhigh. Thainic sé isteach ar an fhairge lé preabadh na súl, agus bheir sé greim ar inghín ríogh Gréag, agus leis í ina domhan thoir.
Nuair a chonnaic Donn Ó Dubhthaigh go rabh a bhean ar siubhal leis an Chrochaire Thárnocht ina doman thoir cuaidh sé abhaile annseir rígh Gréag agus dubhairt nach gcodlóchad sé dhá oidhche i n-aon teach is nach n-íosadh sé dhá ghréim de aon bhaidh go gcuirfeadh sé an Crochaire Tárnocht ‘un báis, sin nó go bhfágfaidhe é fhéin leis.(continues on next page)- Collector
- Pádraic Ó Breisleáin
- Gender
- Male
- Address
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal
- Informant
- Muiris Ó hUiginn
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Ard an Rátha, Co. Donegal