Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 43
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sgaoil sé leis ins na sidhe súimannaí, ins na rith suaimannaí, ins ruaimannaí rith ruadh reatha, go dtabhradh sé cnoc de léim agus gleann de thuslóig, go rabh dubhantaí geala an lae ag druidim uaidh, an gearrán bán ag dul faoi chapóig agus an chapóg ag imtheacht uaidh gur casadh sgaoith gearrfhaidh leis ar thaoibh molaidh shléibhe.
Chait sé a bhata fríotha agus mhar’uigh sé ceann aca, agus ní shásuigh sin é gur bheir sé ar an darna ceann ar a rith. Tharraing sé air sponc, agus rinne teine chreasa. Rinnem sé teine mhór chumhra chartha gan ró gan rudán gan smál gan smuidean le fod mónadh agus dhriseóig.
Tharraing sé air sgin phóca, agus d’feann sé ceann aca. Chuir sé ceathramha ar bhior de, agus na trí cheathramhnacha eile ar an ghríosaigh.
Nuair a bhí sé bruithte rósta aige ina shásamh thainic cú mór an domhain thoir annseir.
“A Dhuinn Uí Dhubhthaigh”, ars’an cú mór, “a mhic ríogh i n-Éirinn, ‘ dtabharthá damhsa cúilín cnáimhín, cuid ar leith as cuibhlint, no greim ós cionn an iomlain”.
“A bheithidhigh ba deise, a chonnaic mé ariamh”,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Ó Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó hUiginn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall