Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)

Suíomh:
An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Gráinne Ní Éagrain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 311

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Éadan Anfaidh
  2. XML Leathanach 311
  3. XML “Na Trí Chomhairle”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhí an fear eile agus a mhathair i gcloiche báis fosta. Rinne Nial amach gur bh'fheárr dó fhéin imtheacht nuair a bhí na cosa leis nó bhí sé de'n bharamhail go bhfuigheadh a bhean agus a mhac bás agus go maram é fhéin fosta da bhfanadh sé.
    Trathnóna amháin thug sé isteach cupla cliabh mónadh agus cupla stópa uisge, tharraing sé an sgiath amach 'na dhiaidh agus ar shiubhal leis ag tarraingt síos ar an lagan. Shiubhal sé leis lá agus oidhche, ní leigeadh teach ar bith isteach é ar eagla go rabh an Fiabhras leis. In amanna gheibheadh sé greim bídh agus in amanna nach bhfuigheadh.
    Seachtmhain indiaidh é an baile a fhágailt shuidhe sé ar thaoibh an bhealaigh mhóir trathnóna amháin ag deánamh a sgríste. Thainic feirmeóir fhad leis. Bheannuigh sé de Nial agus bheannuigh Nial dó. Bhuail siad un cómhraidh agus mhaoidheamh Nial go rabh sé ag cuartughadh oibre. "Tá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Éagrain
    Inscne
    Baineann