Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)

Suíomh:
An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Gráinne Ní Éagrain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 372

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 372

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Éadan Anfaidh
  2. XML Leathanach 372
  3. XML “An Óige, an Saol agus an Bás”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sin ann ibhfad oshoin agus ibhfad oshoin fhéin é. Bhí na Fianna amuigh ag seilg lá amháin agus thainic seachran sealg agus ceó draoidheachta ortha. Shiubhal siad leóbhtha go dtainic an oidhche ortha agus gan fhios aca ca rabh siad ag dul.
    Anonn san oidhche tcí siad caochan beag soluis i bhfad uatha agus tarraingidh siad air. Ar theacht dóibh fhad leis an tsolus fuair siad amach gur teach a bhí ann agus an solus beag ag caocadh amach ar an fhuinneóig. Chuaidh siad thart fa'n teach ag cuartughadh an doruis ach chan fhuair siad é. Thart leó arís agus arís eile agus an tríomhadh uair ag dul thart dóibh fuair siad an dorus. Isteach leó.
    Bhí seanduine mór críon caithte cnámhach ina shuidhe ag an teine agus é ag amharc isteach san ghríosaigh. Bhí reithe mór ceangailte i gceann an tighe. Bhí seomra i gcúl na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Éagrain
    Inscne
    Baineann