Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)

Suíomh:
An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Gráinne Ní Éagrain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 377

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 377

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Éadan Anfaidh
  2. XML Leathanach 377
  3. XML “Colm Cille agus Loch na mBradán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Colm Cille agus Loch-na-mBradán.
    Nuair a bhí Colm Cille ar an tsaoghal seo bhí sé ag gabhail thart le taoibh Loch-na-mBradán lá amháin. Thainig an ocras air. Chídh sé teach beag ar bhruach an locha agus tarraingidh sé air, ag dréim go bhfuigheadh sé greim agus bolgam ann a bheirfeadh giota eile é.
    Chonnaic bean-a'-tíghe ag teacht é agus ar' léithe fhéin, chá dtabhairim a'n ghreim de'n bhradan atá san phota dó; béidh sé beag go leór agam fhéin agus ag fear-a'-tíghe.
    Isteach le Colm.
    "A bhean mhodhamhail," ars seisean, "tá fear-gortach orm, ar mhisde leat trágha bídh a thabhairt damh?"
    "Chan fhuil a'n greim bídh faoi bhallai an tighe," ars sise.
    "Caidé tá san phota," ars Colm?
    "Uisge galach," ars sise, "tá mé gabhail
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Éagrain
    Inscne
    Baineann