Bhí sin ann i bhfad oshoin agus ibhfad osoin fhéin é. Bhí na Fianna amuigh ag seilg lá amháin. D'éirigh eilit mhaol agus ar shiubhal le dhá choin Fhinn Mhic Cúmhaill 'na diaidh. Ar shiubhal le Fionn indiaidh na gcon. Lean sé iad tré ghleanntaibh agus thar chnocaibh go rabh neóin bheag agus deireadh an lae ann. D'imthigh siad as a amharc annsin agus nuair a d'amharc sé thart shónnruigh sé go rabh sé i gcoilleadh na bhfacaidh sé ariamh roimhe. Shiubhal sé leis fríd an choillidh agus ní dheachaidh sé ibhfad gur casadh cailleach mhór ghránda dó. Bheannuigh Fionn de'n chaillighe agus bheannuigh an cailleach dó. Tharraing sí paca cardaí amach as a póca agus ars sise:- "A Fhinn Mhic Cúmhaill ar mhisde
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »