Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 310
- XML “Na Trí Chomhairle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Trí Chomhairle
Ní rabh mé fhéin ariamh gan sgéal úr na sean sgéal. Da mbéidhinn gan aon sgéal, chumfainn fhéin sgéal, nó rachainn 'na Frainnce fa dhein sgéil. Da mbéidhinn bódhar ní chluinnfinn é agus da mbéidhinn balbh ní thiocfadh liom é innsint ach nuair atá sé agam innseochaidh mé é.
Bhí sin ann i bhfad oshoin agus ibhfad oshoin fhéin é. Bhí fear 'na chómhnaidhe thíos ag Droichead na Dochra darbh' ainm do Niall Ruadh Mac Giolla Inid. Am an droch shaoghail a bhí ann agus ar an droch uair dóibhthe fhéin thainic an Gorta agus an Fiabhras a shiubhal 'leis fhad le bunadh Dhroichid na Dochra comh maith le háit.
Bhí bean agus cúigear mac ag Nial Ruadh. Thainic an Fiabhras ortha agus dóibh fhéin a hinnistear é fuair ceathrar de na gasraidh bás agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann