Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 309
- XML “Cailleach na nAdharc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"A bhean-a'-tíghe, leig isteach muid."
"Is doiligh damh agus mé tinn," ars sise.
"A phota mhóir, leig isteach muid."
"Is doiligh damh agus mo bhéal faoim'" ars an pota mór.
"A stópa leig isteach muid."
"Is doiligh damh agus mo béal fúm," ars an stópa.
"A Uisge-na-gCos, leig isteach muid."
"Is doiligh damh agus me dóirte" ars an tuisge.
"A mhaide bhriste," leig isteach muid."
"'Sdoiligh damh agus mo cheann sa teine" ars an maide briste.
Sgairt siad ar achan bhall trioca san teach ach ní thiocfadh le rud ar bith iad a leigeaint isteach. I ndeireadh báire d'imthigh siad leóbhtha agus ní fhacaidh an bhean sin ariamh níos mó iad. Ó'n oidhche sin go dtí'n oidhche a bhfuair sí bás níor shuidhe sí suas indiaidh an mhéadhoin oidhche ag sníomh na ag cárdail.- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann