Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na dhiaidh. Thug an gasúr leis an dá bheitheadhach agus chuaidh sé na bhaile.
Lá thar na bhárach thainig an rí agus dubhairt sé leis muna ngoidfeadh se an braithlín a bheadh ar a leabaidh-se an oidhche sin go gcrochfadh sé é. Chuaigh an gasúr fhad le roilig agus thóg sé corp agus chuir sé na sheasamh ag fuinneog seomra an riogh é. Bhí an rí is a bhean na luighe taobh istoigh. 'Siúd anois é', arsa an bhean leis an rí .Sgaoil an rí leis an chorp agus thuit sé. Shíl sé gurbh é an gasúr a bhí ann agus go rabh sé marbh. Chuaidh sé amach go gcuirfeadh sé é. Ni rabh sé i bhfad amuigh go dtainig an gasúr isteach agus dubhairt sé leis an bhean "Is greannmhar an duine a chur agus gan rud eiginteacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig Mac Giobúin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Deargchruach, Co. Dhún na nGall