Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal - Dómhnall Gormlí

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 437

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sgéal- Dómhnall Gormlí

Bhí fear ann am amháin agus bhí sé an-saidhbhir. Bhí beirt mhac aige. Lá amháin d'fhiafruigh sé den dá mhac caidé cineál oibre a bfheárr leobhtha nuair a bheadh siad mór. Dubhairt an bheirt aca gur mhaith leo bheith na sagairt. D'imthigh an bheirt aca ansin na coláiste agus chaith siad seacht mbliadhna sa choláiste. Nuair a bhí siad réidh thionntuigh fear aca ina mhinistear agus bhí an fear eile ina shagart. Ní rabh fhios ag an athair annsin caidé a dhéanfadh sé agus achan Domhnach go cionn seacht mbliadhna theidheadh sé fhad leis an mhinistear agus d'iarrfadh sé theacht fhad le na chreideamh fhéin arais. maidin Dia Domhnaigh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire C. Ní Chinnéide
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge