Sgéal- Dómhnall Gormlí Bhí fear ann am amháin agus bhí sé an-saidhbhir. Bhí beirt mhac aige. Lá amháin d'fhiafruigh sé den dá mhac caidé cineál oibre a bfheárr leobhtha nuair a bheadh siad mór. Dubhairt an bheirt aca gur mhaith leo bheith na sagairt. D'imthigh an bheirt aca ansin na coláiste agus chaith siad seacht mbliadhna sa choláiste. Nuair a bhí siad réidh thionntuigh fear aca ina mhinistear agus bhí an fear eile ina shagart. Ní rabh fhios ag an athair annsin caidé a dhéanfadh sé agus achan Domhnach go cionn seacht mbliadhna theidheadh sé fhad leis an mhinistear agus d'iarrfadh sé theacht fhad le na chreideamh fhéin arais. maidin Dia DomhnaighAine Ní Dhíoraí