Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 261
- XML “Scéal - Loch Finne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal : - Loch FinneAmras Ó Caoimhghín- Mín na Sróine
Na Cruacha
An Clochán
Leithbhearr
Aos 51
Tógadh é 5 mhíle ón ait thuas agus fuair sé seo ó na athair nuair a bhí sé 12 d'aois.
Bhí seanduine ina chómhnuidhe le na mhac Forghamhain agus le na inghean Finngheal i gcró fód cómhgharach ag Loch Finne, atá istigh i lár shleibhte Thír Chonaill. Bhí na Fianna ag dul thart 'seilg cómhgharach ag an loch lá amháin. Ní raibh sgian na ranna leo agus nuair nach raibh ní thiocfadh leo mórán seilge a dhéanamh. Tháinig an-ocras ortha agus rinne siad amach go mb'fheárr tarraingt ar an chnó go bhfeicfeadh siad an bhfuighidh siad aon rud le h-ithe. Rinne . Dubhairt an seanfhear leo nach raibh rud ar bith aige-san le tabhairt dóibh ach ar seisean "Tá fhios ag mo mhac áit a bhfuil tarbh allta 7 rachaidh sé libh agus thig libh é a mharbhadh" Chuaidh Forghamhain leo agus theasbáin an tarbh dóibh ach theip ar na Fianna uilig a mharbhadh. Annsin chuaidh an Forghamhain de léim ar dhruim an tairbh agus ní raibh i bhfad gur mharbh sé é. Reannadh an tarbh ina cheithre cheathramhna(leanann ar an chéad leathanach eile)Tá leagan nua den tras-scríbhinn seo ag fanacht le ceadú.- Bailitheoir
- Máire Ní Chaoimhghín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na Sróna Theas, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Amras Ó Chaoimhghín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 51
- Seoladh
- Mín na Sróna Theas, Co. Dhún na nGall