Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt an madadh ruadh go rachfadh siad isteach fhad leis an teinidh, agus cerbhé an duine a léaghfadh an t-im fríd a chosa gur bé sin an duine a d'ith an t-im. Chuaidh siad isteach agus sheasuigh an madadh ruadh ag an teinidh agus shuidh Móirí . Bhí cosa an mhadaidh ruadh fliuch indiaidh bheith ag siubhal an chnuic agus chimil sé a chos ar chois Mhóirí agus dubhairt le Móirí " Tusa a d'ith an t-im, tá sé ag léaghadh fríd do chos. D'amharc Moirí ar chosaibh an mhadaigh ruadh agus dubhairt sí " Tá do ghiosáin ag eirighe stróctha, is feárr duit dul soir go cionn an bhaile agus péire cardaí a fhßghail agus dheanfaidh mise giosain duit. Dubhairt an madadh ruadh go n-ithfeadh madaidh an bhaile é, ach dubhairt Móirí nach n-ithfeadh go rabh orchar annseo aici-se agus nach leigfeadh sí do mhadaidh an bhaile é a ithe. D'imthigh an madadh ruadh leis agus ní raibh sé i bhfad ar shiubhal o'n bhaile gur chruinnigh madaidh an bhaile agus thoisigh siad da strogfhadh. " A Mhoirí, cuir chugam an t-orchar" . Ach ní chuirfeadh agus d'ith na madaidh é.
- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Giobúin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Deargchruach, Co. Dhún na nGall