Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an obair dá dtabharfadh sí cuireadh 'na bainnse dí. Dubhairt an cailín go dtabharfadh agus rinne an tseanbhean an obair dí. Nuair a tháinig bean an toighe isteach dubhairt sí go rabh sí an-sásta leithí agus mar bhí céile maith a dhíoghbhail ar a mac go ndeánfadh sise gnaithe.Pósadh iad agus thug an cailín cuireadh na bainfhéise do'n triúr cailleacha. Bhí iongantas ar an chuideacta uilig nuair a chonnaic siad an gaosán mór, an chos mór agus an lámh mór. Chuir an fear ceist ar bhean an ghaosáin mhóir cad tuige a rabh a gaosán comh mór. Dubhairt sí go rabh sise ar fastughadh ag fear agus go rabh sí go síorruidhe ag fuaghail agus sa deireadh chuaidh a cuid fola uilig 'na gaosáin, mar bhí a ceann cromtha i gcomhnuidhe agus d'éirigh a gaosán comh mór sin. Dubhairt a fear más mar sin a tharlaidh sé ní dheánfaidh bean s'aige-san fuaghail le na beo.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Diarmuid
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Leac, Co. Dhún na nGall