Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 247

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 247

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cruacha
  2. XML Leathanach 247
  3. XML “Scéalta Fada na hÁite - Na Trí Chailleacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus achan chineal dath a bheith ortha. Ní thiocfadh leithí iad a dheánamh agus ag tuitim na h-oidhche shuidh sí síos agus thoisigh sí ag caoineadh. Ní fada ag caoineadh í uair a tháinig bean isteach agus cos amháin an-mhór mhíofur uirthi. Rinne sí an obair do'n chailín , ach dubhairt sí leithí go gcaithfeadh sí cuireadh a thabhairt dí féin agus do mhnaoi na h-oidhche roimhe 'na báinnse. Dubhairt an cailín go dtabharfadh agus fáilte. Bhí áthas agus iongantas ar bhean an toighe nuair a chonnaic sí go rabh an obair deánta agus thug sí suipeár agus leabaidh an-mhaith ar fad dí.
    An tríomhadh lá cuireadh isteach sa seomra céadhna í agus tugadh an-rud lín dí le sniomh roimh an oidhche. Ní rabh an cailín ábalta é a dheánamh ach san tráthnóna mall ce tháinig isteach ach bean agus lámh an-mhór uirthi. Dubhairt sí leis an chailín go ndeánfadh sí duithí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire C. Ní Chinnéide
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Peadar Mac Diarmuid
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cruach Leac, Co. Dhún na nGall