Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 233
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)6.Amuigh ag Loch Bhéal Séad tá crann caoráin ag fás agus deirtear gur fear a chuir an crann sin istoigh i bpota óir agus d'imthigh sé agus chuir sé an t-iomlán amuigh ag Loch Bhéal Séad. Bhí na saighdiúirí ag teacht air. Ní bhfuigheadh duine é ach seanduine ruadh de chloinn Uí Ghallchobhair. Caithfidh sé trosgadh trí h-oidhche agus ar an tríomhadh h-oidhche gheobhfaidh sé é.
7.Amuigh thiar ag bun an Chnuic Ghlais tá crann caoráin agus tá pota óir faoi'n chrann. Fear de chloinn Mhic a Bháird a gheobhfas é.
8.Bhí fear 'na chomhnuidhe ins na Cruacha Gorma agus d'imthigh sé 'un Oileáin Úir. Nuair a bhí sé tamall san Oileán Úr bhí brionglóid aige oidhche amháin go rabh dhá phota óir taobh amuigh de'n doras sa bhaile aige. Phill sé agus thug sé leis spád agus fuair sé an t-ór.
Bhiífear as an áit seo am amháin amuigh ag Loch Creabhtha ag coimheád caora. Bhí madadh dubh leis, agus chaill sé an madadh dubh agus thoisigh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig Mac Giobúin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Deargchruach, Co. Dhún na nGall