Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 232
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)3.Tá páirc ar an Chlochar agus tá lán craicinn searraigh óir ann. Fágadh annsin é in am an Chruadhtáin. Nuair a bhíonn na ba 'na luighe ar an fhéar ins an t-Samhradh, nuair a d'éireochadh siad bhéadh ball buidhe ortha.
4. Thall i gCrolac tá áit darb ainm an Poll Buidhe agus deirtear go bhfuil lán craicinn gabhair d'ór i bhfolach. Fear a bhí ag coimheád caora in am an ghorta a chuir i bhfolach é. Deirtear nach bhfuigheadh duine ar bith é ach bean ruadh de chloinn mhic Fhionntaigh.
5. Bhí gasúr ag coimheád bó am amháin ar mhullach Gháigín. Luigh bó síos lá, agus nuair a d'éirigh sí bhí taobh uirthí comh buidhe le h-ór. Dá bhfanfadh an gasúr agus a lámh a leagaint ar an áit féin bhéadh an t-ór aige, ach rith sé 'na bhaile ag innsint caidé a chonnaic sé. Nuair a tháinig siad uilig arais ní rabh a dhath le feiceáil aca ach an bhó agus ball buidhe uirthi. Deirtear gur ór na sídheog atá ar Gháigín.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig Mac Giobúin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Deargchruach, Co. Dhún na nGall