Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 240
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé é go bhfeicfead sé caidé an cineál blais a bhí air. Ni rabh sé leigthe síós aige gur mhothuigh sé rud éiginteacaht ag iarraidh giota agus d'amharc sé thart. Ach ní raabh a dhath le feiceáil aige ach feileacán a bhi ag teacht thart fá n-a chionn. Bhí sé i n-a sheasamh annsin agus ní rabh fhios aige caidé le déanadh. Le sin go díreach mhothuigh sé rud éiginteacht ag fiafruigh cá rabh sé gabhail. D'amharc sé amach acht ní rabh aon dath le feiceáil aige acht cearc agus coileach agus iad ag cur ceastann ar a chéile. Bhí fhios aige go maith anois ca toighe ar iarr an Rí air gan an t-iasg a bhlasadh. Cuir sé giota eile i n-a bheul agus thug se an pláta fhad leis an Rí.
D'iarr an Rí air a bheith reidh indiaidh a dhinneára agus go rachadh siad amach a mhar cuadheacht[?] tamall. D'imigh siad leabhtha agus niorbh fhada gur mhothuigh Éiric a chapall fhéin ag rádh le capall an Ríogh go rabh se comh láidir indiú is bhí sé dhá uair ariamh. Thug capall an R iogh toradh air agus thúsaigh as comhrádh eatorra. Ní thiocfadh le Éiric na gáiridhe a chongbailt i-stoigh siocair gur thuig sé na caiple. Thuig an Rí iad fosta agus ní rabh fhios aige ca tuige a rabh a chomráduidhe ag gáiridhe. Thainig siad abhaile go mío-shasta annsin agus d'iarr an Rí ar Éiric deoch fíona a thabhairt dó agus gan oiread agus deor amháin de a dóirteadh. Rinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Mac Niallghuis
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall