Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 223
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag tuitim anuas." " Rachaidh me cinnte," arsa an fear. Is maith liom obair a fhághail. Bhéinn buidheach duit dá dtugtha cead domh féin agus do mo chlann fanacht ann le linn a chóirighthe." Gheall an marcaigh sin dó.
Chuaidh an fear, a bhean agus a chlann um toighe seo agus bhi fhios ag an fear gurabé seo an teach ceadhna a rabh sé ann leis an tsagart. Bhí iongantas mór ar na daoine nuair a chualaidh siad nár mhothuigh an fear dadaidh sa teach. Nuair a bhi an teach cóirighthe ag an fhear smaoinigh sé ar an ór a chur sé féin agus an sagart. Chuaidh sé go dtí'n seomra agus fuair sé na dtrí bhairrille agus thug sé leis na bhaile iad. Dhíol an fear é de bhrigh nach rabh iomradh aige ar an ór. Chuaidh an fear, a bhean agus a chlann i n-a bhaile annsin agus shil siad rith an ama gurabé an fear uasal a thug an t-airgead dó mar nach bhfacaidh siad na bairrillí ar chor ar bith. D'éirigh siad co saibhir leo. Bhí iongantas ar na daoinibh agus an ceart aca- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall