Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 185

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 185

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 185
  3. XML “Scéal Eile fá Bhean Sí”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nuair nach bhfuil fhios agam cé thú féin." "Is mé an chomharsa is neise do'n doras agat," arsa an bhean. "Tá muid i n-ár gcomhnuidhe san ardán sin taobh thiar de'n teach." Agus ba mhaith liom dá n-iarrthá ar fear an toighe gan an t-eallach a leigint a chomhair an árdáin níos mó. Nó, nuair a théid an t-eallach i n-a mhullach réabann siad é agus nuair a thig ghearthainn bíónn súgh anuas orainn." Dubhairt bean a' toighe go n-innseochadh sé sin do'n fhear agus d'imigh an bhean sidhe. D'innis an bhean dó na fear caidé mar bhí. D'imigh seisean agus chuir sé balla thart ar an árdán. D'éirigh an saoghal leis an lánamhain go h-an mhaith i n-a dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sean-Sceal
    Bhi Rí Cúigidh i n-Éirinn fad ó shoin agus bhí triúr mac aige. Nuair d'fhás siad suas ina mbuachaillí d'eirigh an t-athair tinn agus ní rabh cuma air go bhfaghadh sé biseach. Lá amháin thainig fear isteach agus d'fiafruigh sé de'n Rígh caidé bhi air. Dubhairt an Rí go rabh sé tinn leis an fhad seo de am agus nach rabh déanadh air go bhfaghad sé biseaach. Dubhairt an fear, a thainig isteach, leis nach bhfaighead sé biseach a choidhche go bhfaghad sí buideál iocshláinte a bhi sa Domhain Thoir agus go leigheasfad sin é dá bhfaghad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Seaghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cheapach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Seaghain
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    94