Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 177

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 177

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 177
  3. XML “Scéal Eile fá Bhunadh na gCnoc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seanduine daobhtha caidé bhearfad siad dó'n dá bhuachaill seo a choinnigh cuideachta leobhtha ó thainig an oidhche. Dubhairt síogaidhe amháín nach dtabharfadh siad dadaidh do'n té d'fhan amuigh. Annsin d'iarr an seanduine
    ar an fhear a chuaidh isteach san fháinne leobhtha a ghabhail síos fhad le lorg sean-chruach mhónadha bhí thíos annsin agus a chuid pocaí a líonadh lán de'n
    ghreamhar. Annsin d'imigh an sluagh agus chuaidh an bheirt bhuachaill síos fhad leis an chruaich. An fear a n-iarradh air a phócaí a líonadh ní rabh air ach
    póca amháin agus líon sé é. Smaoitigh an fear eile go
    dtabhairfead sé féin cuid de'n ghreamhar seo leis fosta agus líon sé a phócaí de'n ghreamhar. D'imigh an bheirt a dhiasgaireacht annsin. An chead urchar a chaith
    fear an aon-phoca amach chuaidh a fhabhar i bhfascodh agus bhris sé a dhoruga. Tharraing sé isteach é go gcuiread sé suas dubhán acht nuair a chuir sé a lámh ann a phóca go bhfághad sé dubhán tharraing sé aníos lán a dhiurn de ór. Thaisbeán sé do'n fhear eile é agus chuir seisean a lámh i n-a phóca siocair gur shil sé go bhfuighead seisean an rud ceadna. Acht ní rabh anois leis ach an greamhar. D'imigh sé seo arais go tdí'n sean chruach mhónadh ach ní rabh gar ann.
    Ní rabh le fághail aige acht an greamhar agus b'éigean dó a ghabhail abhaile folamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Seaghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cheapach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Seaghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    94