School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 298
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá daoine maith ag dhul daobhtha. Cuirtear crosannaí Fhéil Brighde i dteach ná mbó. Cuirtear crus beag leis an baine ar an bó indiaidh i a blighe.
Caithear capall óg nó searrach a ceannach Caithtear é a cleachtughadh do na dallogaí ar dtús annsin don súgan brághaid Ceangaileann cuid de na daoine crann dó rópa agus greamuigheann siad an rópa don súgan brághaidh agus tarraigeann an seárrach an crainn leis. Sin an doigh le na cleachtugadh don súgan brághaid. Cleith fhorrsuighe a bhíos ag cuid de na daoine in áit crann.
‘Tuirs’ a deirtear le muc le é a sgairteadh chun bidh
‘Noitsí’ a deirtear le caora
‘Diúc’ an t-ainm a sgairtear ar cearca le iad a sgairteadh un bidhe
Bíonn neadracha amuigh ins an choirce ag na chearca. Bheireann siad uibheacha ann Corr - uair luigheann cearc ar uibheacha a béidh i nead den chineal seo agus tigeann sicíní amach. Ní tharluigheann seo acht go h-annamh