School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 199
- XML “An Chuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)corr gnúmhóg a bheith air tá an maistreadh deánta.
Tógann na mna thart annseo, an t-im amach le na gcuid lámh. Ar dtús cruinnigeann siad an t-im le céile le ceann na lointhe. Nuair a bhíos sé uilig cruinnighthe ar bharr na bláithche gheibheann siad sgála agus sgólann siad é le h-uisge te. Annsin tógann siad an t-im amach as an meadar leis an lámh dheis agus bíonn greim aca ar an sgála leis an lámh eile. Nuair a bhíos sé uilig tógtha aca cuireann siad uisge glan fhuar air agus bheireann siad an bhláthach as leis an uisge.
Nuair a shíleas siad go bhfuil an bhlathach uilig as cuireann siad salann air agus bheireann siad sgian glan leobhtha agus ta-rnuigheann siad an sgian fríd an im ar eagla go mbéadh ribí ar bith ann. Annsin sgólann siad plátaí agus cuireann siad an t-im ortha agus buaileann siad le spad ime é. Cóirigheann siad go deas ar na plátaí é i measgáin.
Is iomdha úsaid atá ins an bhlathaigh. Gnidhtear aran phliúr leis agus fosta tá leigheas mhaith ann fá coinne an t-slaghdaín. Bruithtear é agus oltar é.
Tá léigeas ann i dó’n bann-bhualadh. Nuair a bhruithtear é thógtar an grúth dé’n mhéadhg agus cuirtear ceithrín de’n grúth leis an bonn – bhualadh. Carr uair cuirtear arán-gheal leis ar bhonn – bhualadh. Tá leigheas ins an bhlathach dó ghalar na gCat, --- an bhlathach a chur ar cluasaibh na gcaorach.
Bheirtear fosta dó na gamhna é agus tá sé ‘na dheoch mhaith dobhtha.(continues on next page)- Informant
- Anna Bean Mhac Aodha
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 43
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Mucros, Co. Dhún na nGall