Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)

Suíomh:
Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brian Ó Breisleáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 36

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 36

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Straleel
  2. XML Leathanach 36
  3. XML “Proinnsias Dubh Mac Aodha agus Cuirriscin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gur chualaidh sé iomrádh ar Proinnsias Dubh Mac Aodha agus go rabh sé ag tarraingt air. Chuir Proinnsias céad míle fáilte roimhe agus thug sé leis é fhad le na theach fhéin.
    Lá amháin dubhairt Cuirrisgin le Proinnsias Dubh go dteachaidh an fear ba shaidhbhire i mBaile Atha Cliath ar shiubhal ar a laethe saoire agus na rabh sa bhaile acht [a?] agus cupla cailín eile agus gur choir daobhtha a ghabhail annsin agus an méid airgid a bhí ins an teach a thabhair leobhtha. An lá thar na bharach d’imthigh Proinnsias Dubh agus Cuirrisgin ag tarraingt ar Baile Atha Cliath. Nuair a chuaidh siad isteach go Baile Atha Cliath bhí an oidhche ann. D’fhan siad annsin go dteachaidh na daoine uilig i luighe. Annsin chuaidh siad isteach sa teach. Bhí ingean an fir uasail ann agus d’iarr Cuirrisgin ar Phroinnsias Dubh í a marbhughadh. Dubhairt Proinnsias leis nach ndéanamh sé dún-mharbhughadh ar bith annseo anocht. Le sin thainig na saighdhiurí isteach ar an doras agus siud amach an bheirt eile ar an cúl doras agus sin an rása fríd cnuic agus sleibhte. Sa deireadh fuair siad greim ar Phroinnsias Dubh Mac Aodha agus thug siad arais go Baile Atha Cliath é agus crochadh é.
    Bhí Cuirrisgin ar a seachnu a rith an ama seo. Bhí fir ina dhiaidh oidhche agus lá acht ní tiocfadh leo greim a fhaghail air. Ins an deireadh fuair sé fhad leis an Óilean Úr. Cuireadh fir in a dhiaidh annsin. Trathnóna amháin fuair na fir barraillí agus bhí siad ag iarraidh léimnigh isteach [?] gcionn agus (amháin) amach sa chionn eile. Thainig fear [?] thart agus dubhairt sé go rabh fhios aige san fear agus go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairead Ní hAmhlaoibh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Bogach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brian Ó hEigeartaigh
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Bogach, Co. Dhún na nGall