Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)

Suíomh:
Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brian Ó Breisleáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 28

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 28

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Straleel
  2. XML Leathanach 28
  3. XML “Fionn Mac Cumhaill i dTeamhair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus Tón Iarainn gan Tapadh i na dhá charraig cloiche. Tharraing se amach a shláitin draoidheachta arais. Rinne sé beo arís iad. Annsin d’fhág sé slán ag Fionn agus Tón Iarainn agus dubhairt sé go raibh an tam aige a bheith ag imtheacht. Thug Fionn buaidheachas dó agus d’imthigh sé. Ní fhaca siad an Fear Ruadh níos mó. Phill Fionn agus Tón Iarainn go Teamhair.
    Ar maidin an lá-thar-na-bharach Chuaidh Fionn amach arís. Tháinig an bhean-mhor roimhe arais. Thug sé an ceann díthe. Ní raibh aici an lá seo acht lámh amháin. Ní fhéadamsa a radh gur aisti sa a tharraing an Fear Ruadh an lámh. “Caithfidh mé buaidheach a thabhairt duit ar son do chuid oibre”, arsa sise. “Caithfidh tú fhéin agus do chuid Fianna a theacht chugamsa ar uair an meadhon-lae anóirthir”. Annsin d’imthigh sí.
    Rinne na Fianna reidh le imtheacht. D’imthigh siad uilig innsoir an Dinnéir. Acht is cosmhail gur fhág siad fear amháin ‘na ndiaidh. Bhí siad ag siubhal leobhtha ar feadh i bhfad agus ní fhada siad theach ar bith. Ins an deireadh chonnaic siad teach agus ceann óir air. Chuaidh siad isteach. Ní raibh duine ar bith ann. Bhí neart bidh agus dighe ar an tábla. Bhí cathaoireacha oidhre thart fá’n tabla. Shuidh siad síos agus d’ith siad agus d’ól siad a sáith. Nuair a thug siad iarraidh eirigh bhí siad greamuighthe de na cathaoireacha agus bhí na cathaoireacha greamuigthe do urlár. Bhí siad annsin gan iad ábalta coradh. Le sin isteach leis an fear a d’fhag siad i na ndiaidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Éamon Ó Gallachobhair
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall