Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Straleel
- XML Leathanach 20
- XML “Gadaí Dhún na Slógha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtug mise an bainríoghan slán an lá uadaigh”.
Nuair a bhí an sgéal criochnuighthe ag an ghadaidh. Tháinig mathair an róigh ‘un tosuigh. Leag sí a láimh ar a ghualainn. Dubhairt sí. “An féidir gur tusa an fear a shabhal mise agus mo pháiste an lá uadaigh. Ní’l acht ceist amháin agam le fiafruigh duit agus ma fhuaisgleann tú an ceist sin béidh mé cinnte gur tú atá ann. Caide dubhairt mise leatsa nuair a thug tú slán mé?”. “D’iarr tú orm fanacht ag do theachsa fhad a’s bhéinn beo go mbéidh neart le fághail agam”. “Tchím” arsa sise “gur tú atá ann”. Thionntuigh sí fhad leis an rí. Dubhairt sí. “Is tusa an páiste a bhí liom an lá uadaigh. Sin an fath a bhfuil ladhair amháin gearrtha de’n chois chle agat”. “Tá sé in am damh” arsa an rí “mo bhuaidheachas a thabhairt”. Thug sé isteach iad go dtí an caisleain. Thug sé féasta daobhtha a mhair seacht lá agus seacht oidhche. Nuair a bhí said (abhaile) ag dull abhaile thug sé an capall odhaire daobhtha. Pill said abhaile go hÉirinn.
Ma bhí féasta ar an domhan thoir bhí féasta seacht nuaire níos fearr in Éirinn. Nó bhí lúthghair mhór ar an rígh agus an bhainríoghan agus ar a gcuid daoine muinteardha go leis na triur mic a fheiceáil sa bhaile slán arís. D’iarr rí na hÉireann ar an ghadai(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eamon Ó Gallcobhair
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall