Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lanamáin sa baile roimhe. D’fiafruigh sé daobhtha caide cineal lá bhí annsin aca indiú. Dubhairt siad go dtainic buachall ann siud agus nuair thainic an Maigdhean Mara asteach gur buail sé bhuille da claidheamh uirthi agus imtigh sí amach arais.
Maidin an triomhadh lá nuair d’eirig an buachall dubhairt an t-sean lanamáin go rabh siad ag dul fhad leis an crúinniú indiú agus gurbh é seo an lá deireannach. Sgaoil an buachall amach an t-eallach agus d’imtigh leis go dtí an choill siubhal sé leis go dtainic sé fhad leis an stabla. Chuaidh sé asteach. Bhain sé de a culaith chuir sé ar an triomhadh culaith, thug sé leis an triomhad claidheam agus an triomhad capall agus d’imtigh sé leis go dtí an cruinniú. Casadh gasúr beag do ar imeall an cruinniú thug sé an chapall do go dtiocfadh sé arais. Chuaidh sé asteach, ní rabh sé i b’fad istigh go dtainic an Maigdhean Mara asteach acht buail sé buille da claidheamh uirthi agus d’imtigh sé amach arais. Nuair a bhí sé ag teacht amach tarraing duine eigneacht an bheag de acht d’imtigh se leis agus gan ar acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Toireasa Nic Amlaoibh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ó Eighceartaigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall